
Is meánscoil do bhuachaillí é Coláiste Pháirc an Uisce atá suite i gCathair Phort Láirge ar bhruach Abhainn na Siúire. Faoi láthair, tá isteach is amach le 300 dalta cláraithe agus tá atmaisféar taitneamhach san áit.
Bunaíodh Coláiste Pháirc an Uisce in 1892 agus tá traidisiún fada sa chathair aige maidir le hoideachas. I measc na n-iarscoláirí cáiliúla tá an tAire Martin Cullen, an móruasal foirgneolaíochta John Bowen, Brian Havel, Ollamh le Dlí in Ollscoil De Paul, Siceagó, an fear grinn Mario Rosenstock, agus an t-amhránaí Brendan Bowyer.
I réimse an spóirt, is fearr aithne ar Pháirc an Uisce ó thaobh rugbaí. Thug foireann shinsir an Choláiste an Kings Cup ar ais go dtí Páirc an Uisce le déanaí.
Ó thaobh na hacadúlachta de, éiríonn thar barr le daltaí Choláiste Pháirc an Uisce. Sna blianta 06/07 agus 07/08, bhí an Coláiste ar an scoil is airde céim i gCathair Phort Láirge ó thaobh céatadán ag dul ar aghaidh go dtí an Tríú Leibhéal.
Chun teacht ar eolas níos leithne faoin saol i bPáirc an Uisce, tabhair sracfhéachaint ar ár suíomh idirlín.
